Lá Bhur mBainise

Capture your day forever with professional photography by Wedding Photography Laois, Midland Wedding Photographer, IrelandCapture your day forever with professional photography by Wedding Photography Laois, Midland Wedding Photographer, IrelandCapture your day forever with professional photography by Wedding Photography Laois, Midland Wedding Photographer, IrelandCapture your day forever with professional photography by Wedding Photography Laois, Midland Wedding Photographer, IrelandCapture your day forever with professional photography by Wedding Photography Laois, Midland Wedding Photographer, IrelandCapture your day forever with professional photography by Wedding Photography Laois, Midland Wedding Photographer, Ireland

Lá Mór s'Agaibhse

An chéad lá a bhuailfeas muid le chéile labhróidh muid faoi bhur bpleananna don lá mór agus faoi aon phictiúir ar leith ba mhaith libh a thógáil nó aon áiteanna ar leith ba mhaith libh a bheith sna pictiúir. Déanfaidh mé teagmháil libh arís cúpla seachtain roimh lá na bainise le chuile shocrú a chinntiú an athuair agus le chuile rud faoi bhur lá mór agus nithe speisialta nach raibh súil leo nó nithe eile a bheas réitithe agaibh féin a phlé.

Ar dtús is leis an mBrídeog/leis an bhFear agus í/é ag réiteach don lá a thosós an ghrianghrafadóireacht agus leanfar di go dtí go mbeidh sibh réidh le suí chun boird don bhéile. Beidh pictiúir fhoirmeálta agus neamhfhoirmeálta, pictiúir dháiríre agus pictiúir ghreannmhara á dtógáil ar feadh an lae. Féadfaidh muid dul go dtí spota sa gceantar a bhfuil cáil na háilleachta air nó go dtí láthair is ansa libh féin agus tuilleadh de na pictiúir ghreannmhara nó fhoirmeálta a thógáil ansin - tógfar na pictiúir gan nóiméad a chur amú ionas go mbeidh neart ama agaibh i gcuideachta bhur n-aíonna. Tógfar tuilleadh de na pictiúir ag an óstán, cinn nádúrtha agus cinn fhoirmeálta arís eile. Dá mba mhaith libh aon aíonnna speisialta a bheith sna pictiúir ní bheidh le déanamh ach sin a rá agus beidh siad iontu!! Tá sé i gceist agam gan cur as daoibh ach a mhéid is gá agus a bheith chomh discréideach is is féidir é - is é lá s'agaibhse é - agaibhse a bheas sé réitithe agus beidh na pictiúir den lá mór tarraingthe agamsa daoibh le bheith agaibh an chuid eile de bhur saol! Go gairid tar éis na bainise seolfar pictiúir bhainise ardtaifigh leasaithe go digiteach ar www.weddingphotographylaois.ie ar ghailearaí a dteastóidh pasfhocal le dul isteach air. Féadfaidh sibh na pictiúir don albam a phiocadh amach anseo, íomhánna a ordú lena bpriontáil ar chanbhás nó i mbealaí go leor eile nó lena roinnt ar na meáin shóisialta más é sin is mian libh!
Nuair a bheas na híomhanna a bheas pioctha agaibh don albam taispeánta agaibh domsa réiteoidh mise albam go speisialta daoibhse, an cineál a thaitneoidh libh agus a fheilfeas do bhur bpictiúir. Féadfaidh sibh breathnú ar réamhchóip den albam agus tosófar ar an obair tháirgthe nuair a bheas na hathruithe déanta agus a thúisce is a déarfas sibh liom sin a dhéanamh.

Céard é an chéad rud eile a bheas le déanamh? An dáta a dheimhniú

Cur in áirithe an chéad rud eile a bheas le déanamh. Más mise bhur rogha teastóidh uaibh fáil amach an mbeidh mé ar fáil ar dháta s’agaibhse. Má bhíonn socróidh muid dáta le go mbeidh sibh in ann breathnú ar albaim shamplacha agus ar phacáistí agus le cibé ní a bhainfeas le lá mór s'agaibhse a phlé amach - rudaí a thaitníonn libh agus nach dtaitníonn libh, céard go díreach a bheas uaibh ar an lá. Ní mór dúinn a chinntiú freisin go mbeidh muid ag réiteach go maith le chéile mar tá sé sin an-tábhachtach go deo!! Tosóidh muid ar an gcur in áirithe ansin, beidh foirmeacha, táille áirithinte etc i gceist agus beidh tús déanta againn don lá mór. Déanfaidh mé teagmháil libh ina dhiaidh sin le chuile rud a dheimhniú an athuair agus le labhairt faoi aon phleananna speisialta a bheas déanta agaibh do lá bhur mbainise.

Tá íomhánna ardtaifigh leasaithe go digiteach, albaim agus tuilleadh san áireamh leis na pacáistí agus tá siad ar fáil ar phraghas atá sách réasúnta. Gheobhaidh sibh tuilleadh eolais ar an bpraghasliosta nó uaim féin!

Tá an méid a bhí le rá ag cúplaí eile fúm le léamh ar líne agus tá beagán dá ndúirt siad tugtha síos i ndeireadh an bhróisiúir seo. Ná déanaigí dearmad teagmháil a dhéanamh liom má bhíonn aon cheist agaibh agus beidh fáilte romhaibh glaoch orm le fáil amach an mbeidh mé ar fáil.

Déan Teagmháil

info@weddingphotographylaois.ie
+353 86 194 6237
Líon isteach ár bhfoirm teagmhála form
Déan Teagmháil le Aoileann nic Dhonnacha ar LinkedIn
Faigh linn ar Facebook
Griangrafadóireacht an Ghrá ar Instagram
Lean Linn ar Twitter

Ár Láithreacha
Grianghrafadóireachta

Grianghrafadóir bainise i gContae Laoise - Port Laoise & Cúl an tSúdaire san áireamh - Cill Chainnigh, Cill Dara, Ceatharlach, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, Luimneach agus Baile Átha Cliath. Bainise agus grianghrafadóireacht ócáid speisialta ar fud Lár na Tíre agus Laighean, Éire



Teagmháil >Teistiméireachtaí >Bhur Gailearaí >Lá Bhur mBainise >English